← Bhí fonn abhaile air tar éis cúig bliana déag ach bhí sé ag iarraidh go mbeadh carn maith airgid aige chun feirm a cheannach i measc a mhuintire féin. 🔊✎
← Léiríonn an giota seo an brú a bhí ar dhaoine Béarla a fhoghlaim agus mar a bhí an sean agus an nua ag bualadh le chéile. 🔊✎
← Nuair a gheibheadh sí litir uaidh théadh sí síos tigh Sheáin Eoin, nó ní raibh si féin ábalta a léamh. 🔊✎
← Ach bhí an léann sa dúchas ag bunadh Sheáin Eoin, bhí a ngarathair ábalta an sean-Teagasc Críostaí a léamh. 🔊✎
← Ba ghnách le bunadh Sheáin Eoin a bheith ag déanamh corrgháire faoin Bhéarla mhór a bhíodh i litreacha Phroinsís agus faoin drochlitriú. 🔊✎
← Thiocfadh leis Gaeilge a léamh agus neart Béarla. 🔊✎
← Thiocfadh leis aistí a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge, ar theach faire agus ar lá aonaigh agus ar Naomh Pádraig. 🔊✎
← Ach bhí dhá rud nach raibh sé inuchtaí go raibh sé ina mháistir orthu - litir a scríobh do Bheagaide agus paipéar gearrthach. 🔊✎
← I mBéarla a scríobhadh muintir Ros Cuain a gcuid litreacha uilig - agus bhí cuid Gaeilge Bheagaide chomh hachrannach agus nach dtiocfadh leis an ghasúr Béarla a chur uirthi. 🔊✎
← Chaithfeadh Donnchadh suí ansin agus litir Bheagaide a scríobh. 🔊✎
← Agus nuair a d'inseodh sí dó go raibh breacshláinte aici ní bheadh a fhios ag Donnchadh cé acu ba chóir dó "speckled health" a scríobh nó nár chóir. 🔊
← Nuair a d'inseodh sí dó go raibh pian i gcnámh an smiolgadáin aici ní bheadh a fhios aige faoi Dhia goidé ba chóir dó a chur síos. 🔊✎
← Bhí guth maith aici, agus ba dheas le muintir Sheáin Eoin a bheith ag éisteacht léi ag rá Mal Dubh an Ghleanna... 🔊